+Airteagal 30 3.

Airteagal 30 3.

►M2  Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtíolacfaidh oibreoirí faisnéis iontaofa faoi chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a fhorbairt. Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha socrú a dhéanamh maidir le hiniúchadh neamhspleách de chaighdeán leordhóthanach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil an méid sin déanta acu. Chun Airteagal 29(3), pointí (a), (b), (d) agus (e), Airteagal 29(4), pointe (a), Airteagal 29(5), Airteagal 29(6), pointe (a), agus Airteagal 29(7), pointe (a), a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht an chéad pháirtí nó iniúchóireacht an dara páirtí a úsáid suas go dtí an chéad phointe bailithe den bhithmhais foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus cosanta ar chalaois, lena n-áirítear fíorú lena n-áirithítear nach ndéantar ábhair a mhodhnú nó a dhiúscairt d’aon ghnó ionas go bhféadfadh an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina hiarmhar. Leis an iniúchóireacht, déanfar meastóireacht freisin ar mhinicíocht agus modheolaíocht na samplála agus ar stóinseacht na sonraí.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó ar cibé acu a dhéantar iad a allmhairiú isteach san Aontas. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach cothrom le dáta, inrochtana go héasca agus so-úsáidte ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí nó na n-údarás inniúil ábhartha agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil. ◄

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, i bhfoirm chomhiomlán, an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an ardán ríomhthuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfoirm achoimrithe, agus rúndacht na faisnéise sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú aige.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.