+Airteagal 30 4.

Airteagal 30 4.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go ndéanfar, le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, sonraí cruinne a sholáthar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), comhlíonadh Airteagal 27(6) agus Airteagal 31a(5) a léiriú, nó a léiriú go bhfuil na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn dóibh a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir foinsithe. Féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt atá i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii).

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh sna scéimeanna sin faisnéis chruinn faoi na bearta a glacadh chun ithir, uisce agus aer a chosaint, chun talamh díghrádaithe a athchóiriú, chun ró-thomhaltas uisce a sheachaint i limistéir ina mbíonn ganntanas uisce, agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dhearbhú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.