+Airteagal 30 10.

Airteagal 30 10.

Arna iarraidh sin do Bhallstát, ar iarraidh í a fhéadfar a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Laistigh de 6 mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann ceachtar den mhéid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgtear ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b) 

de mhaolú ar mhír 9, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in-athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoi chomhlíonadh na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.