+Airteagal 31a Bunachar sonraí an Aontais
---+Airteagal 31a 1.
---+Airteagal 31a 2.
---+Airteagal 31a 3.
---+Airteagal 31a 4.
---+Airteagal 31a 5.
---+Airteagal 31a 6.

Airteagal 31a Bunachar sonraí an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31a 1.
Faoin 21 Samhain 2024, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais chun go bhféadfar breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a rianú (“bunachar sonraí an Aontais”).
Airteagal 31a 2.
Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha sonraí cruinne a iontráil go tráthúil i mbunachar sonraí an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí go gcuirtear ar an margadh san Aontas iad. Chun sonraí a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais, measfar gur córas aonair cothromúcháin maise é an córas idirnasctha gáis. Soláthrófar sonraí maidir le breoslaí gásacha in-athnuaite a instealladh agus a tharraingt siar i mbunachar sonraí an Aontais. Sonraí i dtaobh ar cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh agus, má cuireadh, i dtaobh an chineáil scéime tacaíochta, déanfar na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais freisin. Féadfar na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais trí bhunachair sonraí náisiúnta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí raon feidhme na sonraí atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla na sonraí is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír, le haghaidh breoslaí gásacha a instealltar i mbonneagar gáis idirnasctha an Aontais, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcás ina gcinneann an Ballstát córas cothromúcháin maise a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh, sonraí a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais faoi na hidirbhearta a rinneadh agus faoi na saintréithe inbhuanaitheachta agus sonraí ábhartha eile, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbreoslaí suas go dtí an pointe insteallta chuig an mbonneagar gáis idirnasctha.

Airteagal 31a 3.
Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.
Airteagal 31a 4.
I gcás inar eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gáis in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a aistriú chuig bunachar sonraí an Aontais an tráth a chláraítear coinsíneacht gáis in-athnuaite i mbunachar sonraí an Aontais agus a chuirtear ar ceal iad tar éis an choinsíneacht gáis in-athnuaite a tharraingt siar ó bhonneagar gáis idirnasctha an Aontais. Ní bheidh ráthaíochtaí tionscnaimh den sórt sin, a luaithe a aistrítear iad, intrádála lasmuigh de bhunachar sonraí an Aontais.
Airteagal 31a 5.
Áiritheoidh na Ballstáit ina gcreat dlí náisiúnta go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na sonraí arna n-iontráil ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, mar shampla trí úsáid a bhaint as comhlachtaí deimhniúcháin faoi chuimsiú scéimeanna deonacha nó náisiúnta arna n-aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6) agus a fhéadfar a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh.

Le scéimeanna deonacha nó náisiúnta den sórt sin, féadfar úsáid a bhaint as córais sonraí tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú, ar choinníoll gur tugadh fógra don Choimisiún faoi úsáid den sórt sin.

Féadfaidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta atá ann cheana agus atá ailínithe agus nasctha le bunachar sonraí an Aontais trí chomhéadan a úsáid, nó bunachar sonraí náisiúnta a bhunú, is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a úsáid mar uirlis chun sonraí a bhailiú agus a dhearbhú agus chun na sonraí sin a iontráil agus a aistriú isteach i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

comhlíontar, leis an mbunachar sonraí náisiúnta, bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear maidir le tráthúlacht tharchur na sonraí, tíopeolaíocht na dtacar sonraí a aistríodh, agus na prótacail maidir le cáilíocht sonraí agus fíorú sonraí;

(b) 

áirithíonn na Ballstáit go ndéantar na sonraí a iontráiltear sna bunachair sonraí náisiúnta a aistriú láithreach chuig bunachar sonraí an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, amhail chun ceanglais náisiúnta níos déine a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann le critéir maidir le hinbhuanaitheacht. Le bunachair sonraí náisiúnta den sórt sin, ní chuirfear bac ar inrianaitheacht fhoriomlán na gcoinsíneachtaí inbhuanaithe amhábhar nó breoslaí atá le hiontráil i mbunachar sonraí an Aontais i gcomhréir leis an Treoir seo.

Cáilíocht na sonraí a iontráiltear i mbunachar sonraí an Aontais trí bhíthin bunachair sonraí náisiúnta, saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí a bhaineann leis na sonraí sin, agus formheas deiridh na n-idirbheart, déanfar iad a fhíorú trí bhunachar sonraí an Aontais agus trí bhunachar sonraí an Aontais amháin. Déanfar cruinneas agus iomláine na sonraí sin a fhíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún ( 27 ). Féadfaidh comhlachtaí deimhniúcháin iad a sheiceáil.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ghnéithe mionsonraithe a mbunachair sonraí náisiúnta. Tar éis an fhógra sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann an bunachar sonraí náisiúnta na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír. Murab amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais sin.

Airteagal 31a 6.
Cuirfear sonraí comhiomlánaithe ó bhunachar sonraí an Aontais ar fáil go poiblí, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus coinneofar cothrom le dáta iad. Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis na sonraí atá i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair breoslaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.