+Airteagal 31a 5.

Airteagal 31a 5.

Áiritheoidh na Ballstáit ina gcreat dlí náisiúnta go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na sonraí arna n-iontráil ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, mar shampla trí úsáid a bhaint as comhlachtaí deimhniúcháin faoi chuimsiú scéimeanna deonacha nó náisiúnta arna n-aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6) agus a fhéadfar a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh.

Le scéimeanna deonacha nó náisiúnta den sórt sin, féadfar úsáid a bhaint as córais sonraí tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú, ar choinníoll gur tugadh fógra don Choimisiún faoi úsáid den sórt sin.

Féadfaidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta atá ann cheana agus atá ailínithe agus nasctha le bunachar sonraí an Aontais trí chomhéadan a úsáid, nó bunachar sonraí náisiúnta a bhunú, is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a úsáid mar uirlis chun sonraí a bhailiú agus a dhearbhú agus chun na sonraí sin a iontráil agus a aistriú isteach i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

comhlíontar, leis an mbunachar sonraí náisiúnta, bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear maidir le tráthúlacht tharchur na sonraí, tíopeolaíocht na dtacar sonraí a aistríodh, agus na prótacail maidir le cáilíocht sonraí agus fíorú sonraí;

(b) 

áirithíonn na Ballstáit go ndéantar na sonraí a iontráiltear sna bunachair sonraí náisiúnta a aistriú láithreach chuig bunachar sonraí an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, amhail chun ceanglais náisiúnta níos déine a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann le critéir maidir le hinbhuanaitheacht. Le bunachair sonraí náisiúnta den sórt sin, ní chuirfear bac ar inrianaitheacht fhoriomlán na gcoinsíneachtaí inbhuanaithe amhábhar nó breoslaí atá le hiontráil i mbunachar sonraí an Aontais i gcomhréir leis an Treoir seo.

Cáilíocht na sonraí a iontráiltear i mbunachar sonraí an Aontais trí bhíthin bunachair sonraí náisiúnta, saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí a bhaineann leis na sonraí sin, agus formheas deiridh na n-idirbheart, déanfar iad a fhíorú trí bhunachar sonraí an Aontais agus trí bhunachar sonraí an Aontais amháin. Déanfar cruinneas agus iomláine na sonraí sin a fhíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún ( 27 ). Féadfaidh comhlachtaí deimhniúcháin iad a sheiceáil.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ghnéithe mionsonraithe a mbunachair sonraí náisiúnta. Tar éis an fhógra sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann an bunachar sonraí náisiúnta na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír. Murab amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.