+Airteagal 33 Faireachán an Choimisiúin
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 3a.
---+Airteagal 33 4.
|
Airteagal 33 Faireachán an Choimisiúin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionscnamh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtomhailt san Aontas agus ar thionchar a dtáirgthe, lena n-áirítear tionchar de bharr easáitithe, ar thalamhúsáid san Aontas agus sna tríú tíortha sin arb iad na príomh-thríú tíortha soláthair iad. Beidh an faireachán sin bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát agus ar thuarascálacha comhfhreagracha maidir le dul chun cinn de bhun Airteagal 3, Airteagal 17 agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus ar thuarascálacha de chuid tríú tíortha ábhartha, eagraíochtaí idir-rialtasacha, staidéir eolaíocha, maille le haon eolas ábhartha eile. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar athruithe ar phraghsanna tráchtearraí a bhaineann le húsáid bithmhaise le haghaidh fuinnimh agus ar aon tionchair ghaolmhara, idir mhaith is olc, ar chinnteacht an tsoláthair bia.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Coinneoidh an Coimisiún ar bun dialóg agus malartú faisnéise le tríú tíortha, agus le táirgeoirí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, le heagraíochtaí tomhaltóirí, agus leis an tsochaí shibhialta i dtaca le cur chun feidhme ginearálta na mbeart atá sa Treoir seo a mhéid a bhaineann le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise. Beidh aird ar leith aige, faoi chuimsiú an chreata sin, ar an tionchar a d'fhéadfadh táirgeadh bithbhreosla, bithleachta agus breosla bithlmhaise a imirt ar phraghas an bhia.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Faoin 31 Nollaig 2027, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn don tréimhse tar éis 2030. Sa togra sin, cuirfear san áireamh an taithí a fuarthas agus an Treoir seo á cur chun feidhme, lena n-áirítear a hinbhuanaitheacht agus a cuid critéar maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, maille le forbairtí teicniúla i réimse an fhuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ . Agus an togra reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, i gcás inarb iomchuí:
(a)
comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
29
);
(b)
buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis ceaptha teasa mar a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
30
);
(c)
na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999;
(d)
an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear na critéir atá inti maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
(e)
forbairtí teicneolaíochta maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.
|
|
Airteagal 33 3a.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 29(7a) agus (7b) agus ar an tionchar atá acu ar inbhuanaitheacht bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a áirithiú.
|
|
Airteagal 33 4.
|
In 2032, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|