|
+Airteagal 33 3. |
Airteagal 33 3.Faoin 31 Nollaig 2027, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn don tréimhse tar éis 2030. Sa togra sin, cuirfear san áireamh an taithí a fuarthas agus an Treoir seo á cur chun feidhme, lena n-áirítear a hinbhuanaitheacht agus a cuid critéar maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, maille le forbairtí teicniúla i réimse an fhuinnimh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ . Agus an togra reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, i gcás inarb iomchuí:
(a)
comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 );
(b)
buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis ceaptha teasa mar a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 );
(c)
na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999;
(d)
an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear na critéir atá inti maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
(e)
forbairtí teicneolaíochta maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|