|
+Airteagal 2 1. |
Airteagal 2 1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
dearadh agus táirgeadh táirgí, páirteanna agus trealaimh chun gur féidir le duine nádúrtha nó dlítheanach faoi mhaoirseacht na Gníomhaireachta nó Ballstáit aerárthaí a rialú go cianda, sa mhéid nach gcumhdaítear sin le pointe (b);
(b)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí, chomh maith lena n-innill, liáin, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, i gcás ina bhfuil nó ina mbeidh an méid seo a leanas fíor faoin aerárthach:
(i)
aerárthach é a cláraíodh i mBallstát, mura rud é agus a mhéid is fíor gur aistrigh an Ballstát a fhreagrachtaí de bhun Choinbhinsiún Chicago chuig tríú tír agus go bhfuil an t-aerárthach á n-oibriú ag oibreoir aerárthaí tríú tír;
(ii)
aerárthach é a cláraíodh i dtríú tír agus atá á oibriú ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige i gcríoch ina bhfuil feidhm ag na Conarthaí;
(iii)
aerárthach gan foireann é, nach bhfuil cláraithe i mBallstát ná i dtríú tír agus atá á oibriú laistigh den chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige laistigh den chríoch sin;
(c)
oibriú aerárthaí a dhéanann oibreoir aerárthaí tríú tír isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó laistigh den chríoch sin nó amach aisti;
(d)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid ag aeradróim dá dtagraítear i bpointe (e) agus soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin sna haeradróim sin;
(e)
dearadh, cothabháil agus oibriú aeradróm, lena n-áirítear a dtrealamh a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear ag na haeradróim sin, atá suite sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, ar aeradróim iad:
(i)
atá ar oscailt i gcomhair úsáid phoiblí;
(ii)
a fhónann d'aeriompar tráchtála; agus
(iii)
a bhfuil rúidbhealaí uirlisí pábháilte acu ar 800 méadar nó níos mó a bhfad; nó nach bhfónann ach d'héileacaptair a úsáideann nósanna imeachta uirlisí ascnaimh agus imeachta;
(f)
gan dochar do dhlí an Aontais agus do dhlí náisiúnta maidir leis an gcomhshaol agus pleanáil úsáide talún, coimirciú an limistéir thart ar na haeradróim dá dtagraítear i bpointe (e);
(g)
bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta “BAT/SAL” a sholáthar san Aerspás Eorpach Aonair, agus dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú córas agus comhdhamhnaí a úsáidtear i soláthar na seirbhísí BAT/SAL sin;
(h)
gan dochar do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an aerspás atá faoina ndlínse, dearadh struchtúr aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|