+Airteagal 2 Raon Feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
---+Airteagal 2 7.
---+Airteagal 2 8.
---+Airteagal 2 9.
---+Airteagal 2 10.
---+Airteagal 2 11.
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
dearadh agus táirgeadh táirgí, páirteanna agus trealaimh chun gur féidir le duine nádúrtha nó dlítheanach faoi mhaoirseacht na Gníomhaireachta nó Ballstáit aerárthaí a rialú go cianda, sa mhéid nach gcumhdaítear sin le pointe (b);
(b)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí, chomh maith lena n-innill, liáin, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, i gcás ina bhfuil nó ina mbeidh an méid seo a leanas fíor faoin aerárthach:
(i)
aerárthach é a cláraíodh i mBallstát, mura rud é agus a mhéid is fíor gur aistrigh an Ballstát a fhreagrachtaí de bhun Choinbhinsiún Chicago chuig tríú tír agus go bhfuil an t-aerárthach á n-oibriú ag oibreoir aerárthaí tríú tír;
(ii)
aerárthach é a cláraíodh i dtríú tír agus atá á oibriú ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige i gcríoch ina bhfuil feidhm ag na Conarthaí;
(iii)
aerárthach gan foireann é, nach bhfuil cláraithe i mBallstát ná i dtríú tír agus atá á oibriú laistigh den chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige laistigh den chríoch sin;
(c)
oibriú aerárthaí a dhéanann oibreoir aerárthaí tríú tír isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó laistigh den chríoch sin nó amach aisti;
(d)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid ag aeradróim dá dtagraítear i bpointe (e) agus soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin sna haeradróim sin;
(e)
dearadh, cothabháil agus oibriú aeradróm, lena n-áirítear a dtrealamh a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear ag na haeradróim sin, atá suite sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, ar aeradróim iad:
(i)
atá ar oscailt i gcomhair úsáid phoiblí;
(ii)
a fhónann d'aeriompar tráchtála; agus
(iii)
a bhfuil rúidbhealaí uirlisí pábháilte acu ar 800 méadar nó níos mó a bhfad; nó nach bhfónann ach d'héileacaptair a úsáideann nósanna imeachta uirlisí ascnaimh agus imeachta;
(f)
gan dochar do dhlí an Aontais agus do dhlí náisiúnta maidir leis an gcomhshaol agus pleanáil úsáide talún, coimirciú an limistéir thart ar na haeradróim dá dtagraítear i bpointe (e);
(g)
bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta “BAT/SAL” a sholáthar san Aerspás Eorpach Aonair, agus dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú córas agus comhdhamhnaí a úsáidtear i soláthar na seirbhísí BAT/SAL sin;
▼M3
(h)
gan dochar do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) agus do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an aerspás atá faoina ndlínse, dearadh struchtúr aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair.
▼B
|
|
Airteagal 2 2.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le pearsanra agus eagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
aerárthaí, agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, agus iad á n-úsáid do ghníomhaíochtaí míleata, custaim, póilíneachta, cuardaigh agus tarrthála, comhraic dóiteáin, rialaithe teorann, garda cósta nó do ghníomhaíochtaí nó do sheirbhísí den chineál céanna faoi rialú agus faoi fhreagracht Ballstáit, arna ndéanamh ag comhlacht a bhfuil cumhachtaí d'údarás poiblí aige nó arna ndéanamh thar a cheann ar mhaithe leis an bpobal, agus an pearsanra agus na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí agus na seirbhísí atá á ndéanamh leis na haerárthaí sin;
(b)
aeradróim nó páirteanna díobh, mar aon le trealamh, pearsanra agus eagraíochtaí, atá faoi rialú agus á n-oibriú ag an arm;
(c)
BAT/SAL, lena n-áirítear córais agus comhpháirteanna, pearsanra agus eagraíochtaí, a sholáthraíonn an t-arm nó a chuireann an t-arm ar fáil;
(d)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí a mbaineann riosca íseal don tsábháilteacht eitlíochta lena n-oibriú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus don phearsanra agus do na heagraíochtaí a bhaineann leo murar eisíodh, nó murar measadh gur eisíodh, deimhniú i leith an aerárthaigh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
I dtaca le pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird iomchuí ar chuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo nuair a bheidh gníomhaíochtaí agus seirbhísí á ndéanamh ag aerárthaí dá dtagraítear sa phointe sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, más iomchuí, go ndéanfar na haerárthaí sin a scaradh go sábháilte ó aerárthaí eile. Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, aerárthaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus atá cláraithe i mBallstát, féadfar iad a oibriú i mBallstáit eile, faoi réir comhaontú ón mBallstát ar ina chríoch atá an oibríocht ar siúl. Féadfar aerárthaí mar sin a chothabháil agus féadfar a ndearadh a mhodhnú i mBallstáit eile, ar choinníoll go ndéantar na modhnuithe sin agus na gníomhaíochtaí cothabhála sin faoi mhaoirseacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
|
|
Airteagal 2 4.
|
De mhaolú ar phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 3, agus ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le dearadh, táirgeadh agus cothabháil cineáil aerárthaigh a thagann faoi raon feidhme phointí (e), (f), (g), (h), nó (i) de phointe 1 d'Iarscríbhinn I agus maidir leis an bpearsanra agus na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin, sna cásanna seo a leanas:
(a)
rinne an eagraíocht atá freagrach as dearadh an chineáil aerárthaigh sin iarratas ar dheimhniú cineáil ón nGníomhaireacht i gcomhréir le Airteagal 11, nó i gcás inarb infheidhme, rinne sí dearbhú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) i dtaca leis an gcineál aerárthaigh sin;
(b)
tá an cineál aerárthaigh sin beartaithe don táirgeadh srathach; agus
(c)
níor fhormheasadh dearadh an chineáil aerárthaigh sin i gcomhréir le dlíthe náisiúnta Ballstáit roimhe sin.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo, agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn sin, maidir leis an gcineál aerárthaigh lena mbaineann ón dáta a n-eiseofar an deimhniú cineáil nó, más infheidhme, ón dáta a ndéantar an dearbhú. Mar sin féin beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an measúnú ar an iarratas ar dheimhniú cineáil agus an deimhniú cineáil a bheith á eisiúint ag an nGníomhaireacht, ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas.
|
|
Airteagal 2 5.
|
Gan dochar do cheanglais slándála agus cosanta náisiúnta, agus d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/2803 , maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
na saoráidí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo oscailte i gcomhair úsáid phoiblí; agus
(b)
BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, a chuirtear ar fáil d’aerthrácht a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/2803 maidir leis,
áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil leo leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta le córais shibhialta atá chomh héifeachtach leis an leibhéal a thagann as cur i bhfeidhm na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Féadfaidh Ballstát a chinneadh aon cheann de na Ranna seo a leanas, nó aon teaglaim de na Ranna seo a leanas, a chur i bhfeidhm, Ranna I, II, III, nó VII de Chaibidil III maidir le roinnt gníomhaíochtaí nó maidir leis na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 3 agus maidir leis an bpearsanra agus leis na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin, i gcás ina measann sé, i bhfianaise shaintréithe na ngníomhaíochtaí, an phearsanra agus na n-eagraíochtaí atá i gceist agus chuspóir agus ábhar na bhforálacha lena mbaineann, gur féidir na forálacha sin a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach. Ón dáta arna shonrú sa chinneadh sin, rialálfar na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann, trí fhorálacha na Roinne nó na Ranna lena mbaineann agus trí fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le cur i bhfeidhm na ranna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoin chinneadh gan mhoill agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha, go háirithe:
(a)
an Roinn nó na Ranna lena mbaineann;
(b)
na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann;
(c)
cúiseanna lena chinneadh; agus
(d)
an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin.
I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh an coinníoll a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar amach a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt ghníomhartha cur chun feidhme don Bhallstát lena mbaineann, cinnfidh an Ballstát gan mhoill a chinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir. Gan dochar don cheathrú fomhír, féadfaidh Ballstát a chinneadh freisin, ag am ar bith, cinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin gan mhoill. Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo. Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 2 7.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh dearadh, cothabháil agus oibriú aeradróim, agus an trealamh a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear san aeradróm sin, a dhíolmhú ó fhorálacha an Rialacháin seo, i gcás ina ndéileálann an t-aeradróm sin le líon paisinéirí aeriompair tráchtála nach mó ná 10 000 in aghaidh na bliana agus líon gluaiseachtaí nach mó ná 850 in aghaidh na bliana, a bhaineann le hoibríochtaí lasta, agus ar choinníoll go n-áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach gcuireann an díolúine sin comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 33 i mbaol. Ón dáta arna shonrú sa chinneadh díolúine sin, ní leis an Rialachán seo, ná leis na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, a dhéanfar dearadh, cothabháil agus oibriú an aeradróim lena mbaineann, a threalamh a bhaineann le sábháilteacht agus na seirbhísí láimhseála ar an talamh agus na SBN ag an aeradróm sin a rialáil a thuilleadh. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh díolúine agus na cúiseanna atá leis an nglacadh. I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach gcomhlíonann díolúine den sórt sin ó Bhallstát na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh dá réir. A luaithe a mbeidh fógra tugtha ag an gCoimisiún don Ballstát lena mbaineann faoin gcinneadh cur chun feidhme, déanfaidh an Ballstát, gan mhoill, a chinneadh díolúine a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht freisin faoi na díolúintí a dheonaíonn siad de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Scrúdóidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, figiúirí tráchta na n-aeradróm a dhíolmhaigh siad de bhun na míre seo nó de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. I gcás ina léirítear sa scrúdú sin, thar 3 bliana as a chéile, go láimhseálann ceann amháin de na haeradróim sin níos mó ná 10 000 paisinéir aeriompair tráchtála in aghaidh na bliana nó níos mó ná 850 gluaiseacht a bhaineann le hoibríochtaí lasta in aghaidh na bliana, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann díolúine an aeradróim sin a chúlghairm. Sa chás sin cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir. Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo.
|
|
Airteagal 2 8.
|
Féadfaidh Ballstát a chinneadh dearadh, táirgeadh, cothabháil agus gníomhaíochtaí oibríochta a dhíolmhú ón Rialachán seo i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí aerárthaigh seo a leanas:
(a)
eitleáin, seachas eitleáin gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu, luas moillithe intomhaiste nó luas íosta eitilte seasta acu i gcumraíocht tuirlingthe nach sáraíonn 45 mhuirmhíle d'aerluas calabraithe agus a bhfuil uasmhais éirí de thalamh (MTOM) acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í i gcás eitleáin nach bhfuil beartaithe a oibriú ar uisce nó 650 kg i gcás eitleáin atá beartaithe chun oibriú ar uisce;
(b)
héileacaptair, seachas héileacaptair gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil MTOM acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í do héileacaptair nach bhfuil beartaithe a oibriú ar uisce nó 650 kg le haghaidh héileacaptar atá beartaithe chun oibriú ar uisce;
(c)
Faoileoirí, seachas faoileoirí gan foireann, agus faoileoirí cumhachtaithe, seachas faoileoirí cumhachtaithe gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil MTOM acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í.
A mhéid a bhaineann, áfach, leis na catagóirí aerárthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhéadfaidh na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i ndáil le haerárthaí ar eisíodh deimhniú ina leith, nó a meastar deimhniú a bheith eisithe ina leith, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 nó leis an Rialachán seo nó a ndearnadh dearbhú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2 9.
|
Le cinneadh díolúine arna ghlacadh ag Ballstát de bhun mhír 8, ní chuirfear cosc ar eagraíocht a bhfuil príomhionad gnó aici i gcríoch an Bhallstáit sin cinneadh a dhéanamh a cuid gníomhaíochtaí deartha agus táirgthe i ndáil le haerárthaí a chumhdaítear leis an gcinneadh sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn sin. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht mar sin cinneadh mar sin, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi. I gcásanna mar sin, ní bheidh feidhm ag an gcinneadh díolúine atá glactha ag an mBallstát de bhun mhír 8 maidir leis na gníomhaíochtaí deartha agus táirgthe sin ná maidir le haerárthaí a dearadh agus a táirgeadh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin.
|
|
Airteagal 2 10.
|
Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, aerárthaí a bhfuil feidhm ag an gcinneadh díolúine arna ndéanamh de bhun mhír 8 ina leith agus atá cláraithe sa Bhallstát a rinne an cinneadh sin, féadfar iad a oibriú i mBallstáit eile, faoi réir chomhaontú ón mBallstát ar ina chríoch atá an oibríocht ar siúl. Chomh maith leis sin féadfar aerárthach mar sin a chothabháil nó féadfar a dhearadh a mhodhnú, i mBallstát eile, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí cothabhála sin agus na modhnuithe sin faoi mhaoirseacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Aon deimhniú a eiseofar i leith aerárthaí a bhfuil feidhm ina leith ag cinneadh díolúine de bhun mhír 8, léireoidh sé go soiléir gur faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a eisíonn an deimhniú a eisítear é agus ní faoin Rialachán seo. Ní fhéadfaidh Ballstáit eile glacadh le deimhnithe náisiúnta mar sin ach amháin má tá cinneadh comhfhreagrach déanta acu féin de bhun mhír 8.
|
|
Airteagal 2 11.
|
Aon fhorálacha de dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil cinneadh díolúine déanta aige de bhun mhír 8, lena ndéantar dearadh, táirgeadh, gníomhaíochtaí cothabhála agus oibríochta an aerárthaigh a rialáil, beidh siad comhréireach le cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann agus cuirfear san áireamh na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 faoi seach. An Ballstát a bhfuil cinneadh díolúine déanta aige de bhun mhír 8, tabharfaidh sé fógra, gan mhoill, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh agus cuirfidh sí ar fáil dóibh an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh agus catagóir an aerárthaigh lena mbaineann. Féadfaidh Ballstát cinneadh díolúine a ghlac sé de bhun mhír 8 a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir sin gan mhoill. Cinntí uile na mBallstát ar tugadh fógra ina leith de bhun na míre seo, cuirfidh an Ghníomhaireacht sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74 iad. Cinneadh díolúine arna ghlacadh ag Ballstát de bhun mhír 8, beidh feidhm aige freisin maidir leis na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu le dearadh, táirgeadh, gníomhaíochtaí cothabhála agus oibríochta a bhfuil feidhm ag an gcinneadh sin maidir leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|