|
+Airteagal 2 3. |
Airteagal 2 3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
aerárthaí, agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, agus iad á n-úsáid do ghníomhaíochtaí míleata, custaim, póilíneachta, cuardaigh agus tarrthála, comhraic dóiteáin, rialaithe teorann, garda cósta nó do ghníomhaíochtaí nó do sheirbhísí den chineál céanna faoi rialú agus faoi fhreagracht Ballstáit, arna ndéanamh ag comhlacht a bhfuil cumhachtaí d'údarás poiblí aige nó arna ndéanamh thar a cheann ar mhaithe leis an bpobal, agus an pearsanra agus na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí agus na seirbhísí atá á ndéanamh leis na haerárthaí sin;
(b)
aeradróim nó páirteanna díobh, mar aon le trealamh, pearsanra agus eagraíochtaí, atá faoi rialú agus á n-oibriú ag an arm;
(c)
BAT/SAL, lena n-áirítear córais agus comhpháirteanna, pearsanra agus eagraíochtaí, a sholáthraíonn an t-arm nó a chuireann an t-arm ar fáil;
(d)
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí a mbaineann riosca íseal don tsábháilteacht eitlíochta lena n-oibriú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus don phearsanra agus do na heagraíochtaí a bhaineann leo murar eisíodh, nó murar measadh gur eisíodh, deimhniú i leith an aerárthaigh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. I dtaca le pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird iomchuí ar chuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo nuair a bheidh gníomhaíochtaí agus seirbhísí á ndéanamh ag aerárthaí dá dtagraítear sa phointe sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, más iomchuí, go ndéanfar na haerárthaí sin a scaradh go sábháilte ó aerárthaí eile. Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, aerárthaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus atá cláraithe i mBallstát, féadfar iad a oibriú i mBallstáit eile, faoi réir comhaontú ón mBallstát ar ina chríoch atá an oibríocht ar siúl. Féadfar aerárthaí mar sin a chothabháil agus féadfar a ndearadh a mhodhnú i mBallstáit eile, ar choinníoll go ndéantar na modhnuithe sin agus na gníomhaíochtaí cothabhála sin faoi mhaoirseacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|