|
+Airteagal 2 6. |
Airteagal 2 6.Féadfaidh Ballstát a chinneadh aon cheann de na Ranna seo a leanas, nó aon teaglaim de na Ranna seo a leanas, a chur i bhfeidhm, Ranna I, II, III, nó VII de Chaibidil III maidir le roinnt gníomhaíochtaí nó maidir leis na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 3 agus maidir leis an bpearsanra agus leis na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin, i gcás ina measann sé, i bhfianaise shaintréithe na ngníomhaíochtaí, an phearsanra agus na n-eagraíochtaí atá i gceist agus chuspóir agus ábhar na bhforálacha lena mbaineann, gur féidir na forálacha sin a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach. Ón dáta arna shonrú sa chinneadh sin, rialálfar na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann, trí fhorálacha na Roinne nó na Ranna lena mbaineann agus trí fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le cur i bhfeidhm na ranna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoin chinneadh gan mhoill agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha, go háirithe:
(a)
an Roinn nó na Ranna lena mbaineann;
(b)
na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann;
(c)
cúiseanna lena chinneadh; agus
(d)
an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin. I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh an coinníoll a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar amach a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt ghníomhartha cur chun feidhme don Bhallstát lena mbaineann, cinnfidh an Ballstát gan mhoill a chinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir. Gan dochar don cheathrú fomhír, féadfaidh Ballstát a chinneadh freisin, ag am ar bith, cinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin gan mhoill. Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo. Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann chun an mhír seo a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|