|
+Airteagal 12 Dearadh páirteanna |
Airteagal 12 Dearadh páirteannaAirteagal 12 Dearadh páirteanna Mura mbunaítear a mhalairt le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh dearadh gach páirte faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú cineáil a eisiúint ina leith. Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh na páirte i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmlighte dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1). Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na deimhnithe sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh na páirte ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) d'Airteagal 19(1). Ní theastóidh deimhniú ar leith le haghaidh dearadh páirteanna a ndearnadh deimhniú orthu, i gcomhréir le hAirteagal 11, le linn phróiseas deartha an táirge. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|