+Airteagal 21 Píolótaí
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.

Airteagal 21 Píolótaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Ceanglófar ar phíolótaí ceadúnas píolóta a bheith acu agus deimhniú leighis píolóta, atá iomchuí don oibríocht atá le déanamh, ach amháin i gcásanna nach mbeidh gá leis na ceadúnais ná leis na deimhnithe leighis sin, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c)(i) d'Airteagal 23(1), agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann.
Airteagal 21 2.
Déanfar an ceadúnas píolóta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcas ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 21 3.
Déanfar an deimhniú leighis píolóta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 21 4.
Sonrófar sa cheadúnas píolóta agus sa deimhniú leighis píolóta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh ar an bpíolóta.

Féadfar an ceadúnas píolóta agus an deimhniú leighis píolóta a leasú chun pribhléidí a chur leo nó a bhaint astu, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1).

Airteagal 21 5.
Féadfar an ceadúnas píolóta nó an deimhniú leighis píolóta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta chun ceadúnas nó deimhniú leighis a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1).
Airteagal 21 6.
Féadfar oiliúint agus taithí a fuarthas ar aerárthach nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo a aithint chun an ceadúnas píolóta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) d'Airteagal 23(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.