+Airteagal 22 Foireann cábáin
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.

Airteagal 22 Foireann cábáin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Ceanglófar ar an bhfoireann cábáin atá rannpháirteach in oibríochtaí aeriompair tráchtála fianú a bheith acu.
Airteagal 22 2.
Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar an bhfoireann cábáin atá rannpháirteach in oibríochtaí seachas aeriompar tráchtála fianú a bheith acu, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 23(2).
Airteagal 22 3.
Déanfar na fianuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 22 4.
Sonrófar san fhianú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh ar an bhfoireann cábáin. Féadfar an fianú a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 23(2).
Airteagal 22 5.
Féadfar an fianú dá dtagraítear i mír 1 agus i mór 2 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta chun fianú den sórt sin a eisiúint nó a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 23(2).
Airteagal 22 6.
Sula bhfeidhmíonn an fhoireann cábáin a bpribhléidí, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, beidh an fhoireann cábáin faoi réir measúnú dea-shláinte chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis an dea-shláinte, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.