+Airteagal 23 Gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le píolótaí agus don fhoireann cábáin
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
|
Airteagal 23 Gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le píolótaí agus don fhoireann cábáin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, i dtaca le na píolótaí atá rannpháirteach in oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na catagóirí éagsúla ceadúnas píolóta agus deimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21, mar aon le rátálacha éagsúla do na ceadúnais phíolóta sin, is leor do na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a dhéantar;
(b)
na pribhléidí agus na freagrachtaí atá ag sealbhóirí ceadúnas píolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais phíolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
(i)
na cásanna nach mbeidh gá leis na ceadúnais, leis na rátálacha agus leis na deimhnithe leighis sin;
(ii)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta do phíolótaí agus deimhnithe leighis náisiúnta do phíolótaí a chomhshó ina gceadúnais do phíolótaí agus ina ndeimhnithe leighis do phíolótaí dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
(iii)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais náisiúnta aerinnealtóra a chomhshó ina gceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
(iv)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina n-aithneofar oiliúint agus taithí a fuarthas ar aerárthaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo chun críocha ceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a fháil.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo agus cuirfidh sé
►C2
na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Áireofar leis na bearta cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, forálacha maidir le gach cineál ceadúnas píolóta agus rátálacha is gá a eisiúint faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Féadfar a áireamh leis na gníomhartha chur chun feidhme sin forálacha maidir le cineálacha eile ceadúnas píolóta agus rátálacha a eisiúint.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú i dtaca le foireann cábáin atá rannpháirteach in oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun fianuithe na foirne cábáin a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na fianuithe sin don fhoireann cábáin atá rannpháirteach in oibríochtaí seachas aeriompar tráchtála;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar dhea shláinte na foirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 22;
(c)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí fhianuithe na foirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 22 agus na freagrachtaí a bheidh orthu.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|