|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, i dtaca le na píolótaí atá rannpháirteach in oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na catagóirí éagsúla ceadúnas píolóta agus deimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21, mar aon le rátálacha éagsúla do na ceadúnais phíolóta sin, is leor do na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a dhéantar;
(b)
na pribhléidí agus na freagrachtaí atá ag sealbhóirí ceadúnas píolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais phíolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
(i)
na cásanna nach mbeidh gá leis na ceadúnais, leis na rátálacha agus leis na deimhnithe leighis sin;
(ii)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta do phíolótaí agus deimhnithe leighis náisiúnta do phíolótaí a chomhshó ina gceadúnais do phíolótaí agus ina ndeimhnithe leighis do phíolótaí dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
(iii)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais náisiúnta aerinnealtóra a chomhshó ina gceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
(iv)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina n-aithneofar oiliúint agus taithí a fuarthas ar aerárthaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo chun críocha ceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a fháil. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo agus cuirfidh sé ►C2 na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Áireofar leis na bearta cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, forálacha maidir le gach cineál ceadúnas píolóta agus rátálacha is gá a eisiúint faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Féadfar a áireamh leis na gníomhartha chur chun feidhme sin forálacha maidir le cineálacha eile ceadúnas píolóta agus rátálacha a eisiúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|