+Airteagal 24 Eagraíochtaí oiliúna agus ionaid aerleighis
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.

Airteagal 24 Eagraíochtaí oiliúna agus ionaid aerleighis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Beidh gá le formheas a fháil i leith ionaid aerleighis.
Airteagal 24 2.
Beidh gá le formheas i leith eagraíochtaí um oiliúint a chur ar phíolótaí agus eagraíochtaí um oiliúint a chur ar fhoirne cábáin, ach amháin i gcásanna nach gceanglaítear formheasanna den sórt sin, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1) agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann.
Airteagal 24 3.
Déanfar na formheasanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 27 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 24 4.
Sonrófar sna formheasanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh ar an eagraíocht. Féadfar na formheasanna a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
Airteagal 24 5.
Féadfar na formheasanna dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir a thuilleadh na rialacha agus na nósanna imeachta chun formheas den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
Airteagal 24 6.
Nuair nach gceanglaítear formheas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i leith eagraíocht um oiliúint a chur ar phíolótaí nó eagraíocht um oiliúint a chur ar fhoirne cábáin, mar thoradh ar ghlacadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1), agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar gníomharthacur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27(1) a cheangal ar an eagraíocht lena mbaineann a dhearbhú go bhfuil sé de chumas agus d'acmhainn aici na freagrachtaí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann sí a chomhall i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.