+Airteagal 25 Feistí oiliúna ionsamhalta eitilte
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.

Airteagal 25 Feistí oiliúna ionsamhalta eitilte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Beidh gá le deimhniú i leith gach feiste oiliúna ionsamhalta eitilte a úsáidfear le píolótaí a oiliúint, ach amháin i gcásanna nach mbeidh gá leis na ceadúnais sin, cásanna, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1), na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann.
Airteagal 25 2.
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil an t-iarratasóir agus an feiste i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 27 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 25 3.
Sonrófar feidhmiúlachtaí na feiste sa deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfar an deimhniú a leasú chun athruithe ar na feidhmiúlachtaí sin a léiriú, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
Airteagal 25 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir ná an fheiste na rialacha agus na nósanna imeachta a thuilleadh chun deimhniú den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
Airteagal 25 5.
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 27, d'fhéadfaí a cheangal ar an eagraíocht atá freagrach as oibriú na feiste oiliúna ionsamhalta eitilte a dhearbhú go gcomhlíonann an fheiste na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 agus na sonraíochtaí mionsonraithe a bhunófar i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.