+Airteagal 26 Teagascóirí agus scrúdaitheoirí
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
|
Airteagal 26 Teagascóirí agus scrúdaitheoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Maidir leis na daoine atá freagrach as oiliúint eitilte, as oiliúint ionsamhalta eitilte, nó as an scil atá ag píolótaí a mheas, mar aon le scrúdaitheoirí aerleighis, ceanglófar orthu ceadúnas a bheith acu, ach amháin i gcásanna nach mbeidh gá leis na deimhnithe sin, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1), na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar dhaoine atá freagrach as oiliúint a sholáthar don fhoireann cábáin nó as measúnú a dhéanamh ar scileanna na foirne cábáin, deimhniú a bheith acu i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
|
|
Airteagal 26 3.
|
Déanfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, má tá sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 27 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Sonrófar sna deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh. Féadfar na deimhnithe sin a leasú chun pribhléidí a chur leo nó a bhaint astu, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
|
|
Airteagal 26 5.
|
Féadfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta a thuilleadh chun deimhnithe den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|