|
+Airteagal 27 1. |
Airteagal 27 1.Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, d'fheistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus do na daoine agus do na heagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint, tástáil, seiceáil nó measúnú a dhéanamh ar na píolótaí agus ar an bhfoireann cábáin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina mbeidh gá leis na formheasanna agus na cásanna nach mbeidh gá leis na formheasanna ná leis na deimhnithe sin;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le dearbhuithe a dhéanann eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí agus eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 24(6), agus a dhéanann oibreoirí feistí oiliúna ionsamhalta eitilte dá dtagraítear in Airteagal 25(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(c)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26, agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na heagraíochtaí a dhéanann dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 24(6) agus Airteagal 25(5), agus na freagrachtaí a bheidh orthu. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|