+Airteagal 27 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
|
Airteagal 27 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, d'fheistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus do na daoine agus do na heagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint, tástáil, seiceáil nó measúnú a dhéanamh ar na píolótaí agus ar an bhfoireann cábáin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina mbeidh gá leis na formheasanna agus na cásanna nach mbeidh gá leis na formheasanna ná leis na deimhnithe sin;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le dearbhuithe a dhéanann eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí agus eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 24(6), agus a dhéanann oibreoirí feistí oiliúna ionsamhalta eitilte dá dtagraítear in Airteagal 25(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(c)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26, agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na heagraíochtaí a dhéanann dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 24(6) agus Airteagal 25(5), agus na freagrachtaí a bheidh orthu.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
|
Airteagal 27 2.
|
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 agus cuirfidh sé
►C2
na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|