|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 29 a áirithiú, d'oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha faoi oibriú aerárthaí i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe ó oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(d)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na hoibreoirí aerárthaí a dhéanann dearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
(e)
na ceanglais bhreise sin is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo is infheidhme d'oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát sin atá faoi réir ag forálacha na gConarthaí, nó a bhfuil príomhionad gnó acu laistigh di, i gcás ina ndéanann siad comhaontú códroinnte nó comhaontú léasa nó ina n-oibríonn siad aerárthach atá cláraithe i dtríú tír;
(f)
na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) maidir le MEL nó doiciméad coibhéiseach a bhunú, agus na cásanna ina ceanglaíodh é;
(g)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbeidh aerárthach feistithe leis an trealamh agus na hionstraimí is gá a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear na taifeadáin eitilte agus/nó modhanna dá dtagraítear in Airteagal 30(7), agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le caomhnú, cosaint, úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, tarchur slán na sonraí lena mbaineann. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|