+Airteagal 31 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí aeir
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.

Airteagal 31 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí aeir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.

Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 29 a áirithiú, d'oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha faoi oibriú aerárthaí i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29;

(b) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;

(c) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe ó oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;

(d) 

na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na hoibreoirí aerárthaí a dhéanann dearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu;

(e) 

na ceanglais bhreise sin is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo is infheidhme d'oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát sin atá faoi réir ag forálacha na gConarthaí, nó a bhfuil príomhionad gnó acu laistigh di, i gcás ina ndéanann siad comhaontú códroinnte nó comhaontú léasa nó ina n-oibríonn siad aerárthach atá cláraithe i dtríú tír;

(f) 

na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) maidir le MEL nó doiciméad coibhéiseach a bhunú, agus na cásanna ina ceanglaíodh é;

(g) 

na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbeidh aerárthach feistithe leis an trealamh agus na hionstraimí is gá a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear na taifeadáin eitilte agus/nó modhanna dá dtagraítear in Airteagal 30(7), agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le caomhnú, cosaint, úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, tarchur slán na sonraí lena mbaineann.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

Airteagal 31 2.
Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus cuirfidh sé ►C2  na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Airteagal 31 3.
Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.