+Airteagal 32 Cumhachtaí tarmligthe
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.

Airteagal 32 Cumhachtaí tarmligthe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.

I gcás oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe ina dtaobh seo a leanas:

(a) 

na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag gach oibreoir (lena fhoireann eitilte) dá dtagraítear in Airteagal 30(1) i dtaca le teorainneacha ama eitilte agus ama dualgais, chomh maith le ceanglais scíthe na foirne eitilte;

(b) 

na coinníollacha agus nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 i dtaca le scéimeanna aonair um shonrú ama eitilte, agus i dtaca le tuairimí na Gníomhaireachta a eisiúint faoi Airteagal 76(7).

Airteagal 32 2.
I dtaca le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, lena leasaítear Iarscríbhinn V agus, más infheidhme, Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII, nuair is gá sin ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta a bhaineann le hoibríochtaí aeir, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
Airteagal 32 3.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.