+Airteagal 34 Deimhniúchán na nAeradróm
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.

Airteagal 34 Deimhniúchán na nAeradróm

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1.
Beidh gá le deimhniú maidir le haeradróim. Cumhdófar leis an deimhniú sin an t-aeradróm agus a threalamh a bhaineann le sábháilteacht, mura ndéantar an trealamh sin a bhaineann le sábháilteacht a chumhdach le dearbhú a rinneadh nó le deimhniú dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) faoi seach d'Airteagal 35(1).
Airteagal 34 2.

Eiseofar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna iarraidh sin, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir:

(a) 

go gcomhlíonann an t-aeradróm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36 agus an bonn do dheimhniúchán aeradróim a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo; agus

(b) 

nach bhfuil aon ghné nó tréith de chuid an aeradróim a fhágann nach bhfuil sé sábháilte é a oibriú.

Airteagal 34 3.
Féadfar an deimhniú dá dtagraíter i mír 1 den Airteagal seo a leasú le hathruithe ar an aeradróm nó ar a threalamh sábháilteachta a chur san áireamh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c), d'Airteagal 36(1).
Airteagal 34 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an t-aeradróm ná a threalamh sábháilteachta a thuilleadh na rialacha agus na nósanna imeachta chun deimhniú den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c), d'Airteagal 36(1).
Airteagal 34 5.

A bhfuil anseo síos a bheidh mar bhonn le deimhniúchán aeradróim:

(a) 

na sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme maidir leis an gcineál aeradróim;

(b) 

na forálacha is infheidhme maidir le sonraíochtaí deimhniúcháin ar ina leith a glacadh le leibhéal coibhéiseach sábháilteachta;

(c) 

na sonraíochtaí mionsonraithe speisialta teicniúla is gá nuair a fhágann gnéithe de dhearadh aeradróim áirithe nó den taithí oibríochta a bhaineann leis nach leor nó nach iomchuí aon cheann de na sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.