+Airteagal 36 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haeradróim agus trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
|
Airteagal 36 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haeradróim agus trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 33 a áirithiú d'aeradróim agus do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar, agus faoina dtabharfar fógra, d'iarratasóir, ar bhonn Airteagal 34(5), faoin mbonn deimhniúcháin is infheidhme maidir le haeradróm chun críoch deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34(1);
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar agus faoina dtabharfar fógra d'iarratasóir faoi na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht chun críoch deimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear srianta oibriúcháin a bhaineann le dearadh sonrach an aeradróim;
(d)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;
(e)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht agus atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
(f)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 35(1), i dtaca le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(g)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 34 agus in Airteagal 35(1) agus ag na heagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1), agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
(h)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina nglacfar le deimhnithe náisiúnta aeradróim arna n-eisiúint ag Ballstáit ar bhonn a ndlí náisiúnta féin, agus faoina n-iompófar na deimhnithe sin sna deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta atá údaraithe cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann ar bhonn difríochtaí fógartha le Iarscríbhinn 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
|
Airteagal 36 2.
|
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagráítear in Airteagal 33 den Rialachán seo agus cuirfidh sé
►C2
na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
Airteagal 36 3.
|
Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|