|
+Airteagal 36 1. |
Airteagal 36 1.Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 33 a áirithiú d'aeradróim agus do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar, agus faoina dtabharfar fógra, d'iarratasóir, ar bhonn Airteagal 34(5), faoin mbonn deimhniúcháin is infheidhme maidir le haeradróm chun críoch deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34(1);
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar agus faoina dtabharfar fógra d'iarratasóir faoi na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht chun críoch deimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear srianta oibriúcháin a bhaineann le dearadh sonrach an aeradróim;
(d)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;
(e)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht agus atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
(f)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 35(1), i dtaca le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(g)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 34 agus in Airteagal 35(1) agus ag na heagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1), agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
(h)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina nglacfar le deimhnithe náisiúnta aeradróim arna n-eisiúint ag Ballstáit ar bhonn a ndlí náisiúnta féin, agus faoina n-iompófar na deimhnithe sin sna deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta atá údaraithe cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann ar bhonn difríochtaí fógartha le Iarscríbhinn 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|