+Airteagal 41 Soláthraithe BAL/SAL
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 3a.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.

Airteagal 41 Soláthraithe BAL/SAL

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.
Beidh ceangal ar sholáthraithe BAT/SAL deimhniú a bheith acu.
Airteagal 41 2.
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40.
Airteagal 41 3.
Sonrófar ar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh.Féadfar an deimhniú sin a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 43(1).
Airteagal 41 3a.

Féadfaidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith faoi réir coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, comhréireacha, trédhearcacha a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo. Féadfaidh na coinníollacha seo a bheith bainteach, mar is iomchuí, leis an méid seo a leanas:

(a) 

imfhálú nó srianadh oibríochtaí seirbhísí seachas na seirbhísí a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar;

(b) 

conarthaí, comhaontuithe nó socruithe eile idir soláthraí BAT/SAL agus tríú páirtí agus a bhaineann leis na seirbhísí;

(c) 

faisnéis a sholáthar a bhfuil gá réasúnach léi chun comhlíonadh na gceanglas maidir leis an deimhniú sin a leagtar amach san Airteagal seo a fhíorú; agus

(d) 

aon choinníollacha dlíthiúla eile nach mbaineann go sonrach le seirbhísí aerloingseoireachta, ar nós coinníollacha a bhaineann leis an deimhniú a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Airteagal 41 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta a thuilleadh chun deimhniú den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomharhta cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 43(1).
Airteagal 41 5.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil cead ag soláthraithe seirbhísí faisnéise eitiltí a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir leis an gcinneadh.
Airteagal 41 6.

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón gceanglas deimhniú a bheith ina seilbh a thabhairt do sholáthraithe BAT/SAL agus i gcás gur gcomhlíonadh na coinníollacha seo a leanas uile:

(a) 

tá a phríomhionad gnó lonnaithe ag an soláthraí lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago;

(b) 

baineann an soláthar BAT/SAL a dhéanann an soláthraí sin le méid beag aerthráchta i gcuid theoranta den aerspás a bhfuil freagracht ar an mBallstát a thugann an díolúine as agus má tá teorainn ag an gcuid sin den aerspás le haerspás atá faoi fhreagracht tríú tír;

(c) 

bheadh iarracht dhíréireach ag an soláthraí i gceist le ceangal a chur ar an soláthraí sin a thaispeáint go gcomhlíontar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfianaise chineál agus riosca na gníomhaíochta sonraí sin a chuireann sé i gcrích san aerspás sin;

(d) 

tá rialacha agus na nósanna imeachta socruithe ag an mBallstát lena mbaineann a bhfuil feidhm acu maidir le soláthar BAT/SAL ag an soláthraí lena n-áirithítear, i gcomhréir le ►C2  caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht, leibhéal inghlactha sábháilteachta agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40, agus tá bealaí agus socruithe iomchuí agus éifeachtacha le haghaidh maoirseachta agus forfheidhmithe bunaithe ag an mBallstát chun comhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta sin a áirithiú.

(e) 

sainmhínítear go soiléir raon feidhme na díolúine agus tá an díolúine teoranta i gcónaí don mhéid a bhfuil fíor-ghá leis; i gcás gur faide ná 5 bliana fad a tréimhse, tá an díolúine faoi réir athbhreithniú rialta ag tréimhsí eatramhacha atá oiriúnach; agus cuirtear i bhfeidhm an díolúine ar bhealach neamh-idirdhealaitheach í.

I gcás go mbeartaíonn Ballstát díolúine den sórt sin a thabhairt, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid atá beartaithe aige agus leagfaidh sé amach an fhaisnéis ábhartha uile.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, ina mbeidh a chinneadh maidir le cibé an bhfuil coinníollacha na céad fomhíre den mhír seo comhlíonta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(2) agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht isteach sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74.

Ní thabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine ach amháin má tá cinneadh dearfach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír. Tarraingeoidh sé siar an díolúine i gcás go dtugann sé faoi deara, go háirithe tríd an athbhreithniú rialta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír a thuilleadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon díolúine a dheonú agus, i gcás inarb infheidhme, faoi thorthaí na n-athbhreithnithe sin agus faoi aon aistarraingtí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.