|
+Airteagal 41 6. |
Airteagal 41 6.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón gceanglas deimhniú a bheith ina seilbh a thabhairt do sholáthraithe BAT/SAL agus i gcás gur gcomhlíonadh na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)
tá a phríomhionad gnó lonnaithe ag an soláthraí lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago;
(b)
baineann an soláthar BAT/SAL a dhéanann an soláthraí sin le méid beag aerthráchta i gcuid theoranta den aerspás a bhfuil freagracht ar an mBallstát a thugann an díolúine as agus má tá teorainn ag an gcuid sin den aerspás le haerspás atá faoi fhreagracht tríú tír;
(c)
bheadh iarracht dhíréireach ag an soláthraí i gceist le ceangal a chur ar an soláthraí sin a thaispeáint go gcomhlíontar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfianaise chineál agus riosca na gníomhaíochta sonraí sin a chuireann sé i gcrích san aerspás sin;
(d)
tá rialacha agus na nósanna imeachta socruithe ag an mBallstát lena mbaineann a bhfuil feidhm acu maidir le soláthar BAT/SAL ag an soláthraí lena n-áirithítear, i gcomhréir le ►C2 caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht, leibhéal inghlactha sábháilteachta agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40, agus tá bealaí agus socruithe iomchuí agus éifeachtacha le haghaidh maoirseachta agus forfheidhmithe bunaithe ag an mBallstát chun comhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta sin a áirithiú.
(e)
sainmhínítear go soiléir raon feidhme na díolúine agus tá an díolúine teoranta i gcónaí don mhéid a bhfuil fíor-ghá leis; i gcás gur faide ná 5 bliana fad a tréimhse, tá an díolúine faoi réir athbhreithniú rialta ag tréimhsí eatramhacha atá oiriúnach; agus cuirtear i bhfeidhm an díolúine ar bhealach neamh-idirdhealaitheach í. I gcás go mbeartaíonn Ballstát díolúine den sórt sin a thabhairt, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid atá beartaithe aige agus leagfaidh sé amach an fhaisnéis ábhartha uile. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, ina mbeidh a chinneadh maidir le cibé an bhfuil coinníollacha na céad fomhíre den mhír seo comhlíonta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(2) agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht isteach sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74. Ní thabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine ach amháin má tá cinneadh dearfach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír. Tarraingeoidh sé siar an díolúine i gcás go dtugann sé faoi deara, go háirithe tríd an athbhreithniú rialta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír a thuilleadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon díolúine a dheonú agus, i gcás inarb infheidhme, faoi thorthaí na n-athbhreithnithe sin agus faoi aon aistarraingtí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|