+Airteagal 50 1.

Airteagal 50 1.

Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 48 a áirithiú do rialtóirí aerthráchta, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na catagóirí, na rátálacha agus na formhuinithe éagsúla do cheadúnais rialtóra aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 49;

(b) 

pribhléidí agus freagrachtaí shealbhóirí na gceadúnas rialtóra aerthráchta, na rátálacha agus na bhformhuinithe i gcás na gceadúnas agus na ndeimhnithe leighis dá dtagraítear in Airteagal 49;

(c) 

na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na ceadúnais, na rátálacha agus na formhuinithe a bhaineann leis na ceadúnais rialtóra aerthráchta agus leis na deimhnithe leighis dá dtagraítear in Airteagal 49 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta rialtóra aerthráchta agus deimhnithe náisiúnta leighis a athrú sna ceadúnais rialtóra aerthráchta agus sna deimhnithe leighis sin dá dtagraítear in Airteagal 49.

(d) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rialtóirí aerthráchta i dtaca le teorainneacha ama dualgais agus ceanglais maidir le scíth; leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin, féachtar le leibhéal ard sábháilteachta a chur ar fáil trí chosaint i gcoinne éifeachtaí an tuirse agus, ag an am céanna, dóthain solúbthachta a chur ar fáil don sceidealú;

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.