+Airteagal 53 Gníomhartha cur chun feidhme chun oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
|
Airteagal 53 Gníomhartha cur chun feidhme chun oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1.
|
Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 48 a áirithiú do na daoine agus do na heagraíochtaí a bhfuil lámh acu in oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(b)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 agus na freagrachtaí atá orthu.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
|
Airteagal 53 2.
|
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo agus cuirfidh sé
►C2
na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
Airteagal 53 3.
|
Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|