|
+Airteagal 53 1. |
Airteagal 53 1.Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 48 a áirithiú do na daoine agus do na heagraíochtaí a bhfuil lámh acu in oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(b)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 agus na freagrachtaí atá orthu. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|