+Airteagal 56 Comhlíonadh i gcás aerárthaí gan foireann
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
---+Airteagal 56 8.

Airteagal 56 Comhlíonadh i gcás aerárthaí gan foireann

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 56 1.
I bhfianaise na gcuspóirí agus na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4, agus go háirithe nádúr agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, saintréithe oibríochtúla na n-aerárthaí gan foireann lena mbaineann agus saintréithe an limistéir oibríochtúil, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le deimhniú do dhearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57.
Airteagal 56 2.
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh sin, i gcás inar léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíonann an deimhniú na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57.
Airteagal 56 3.
Sonrófar ar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na srianta a bhaineann le sábháilteacht, na coinníollacha oibriúcháin, agus na pribhléidí a bheidh i gceist. Féadfar an deimhniú a leasú chun srianta, coinníollacha agus pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57.
Airteagal 56 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na coinníollacha, na rialacha agus na nósanna imeachta a thuilleadh chun deimhniú den sórt sin a eisiúint nó a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57.
Airteagal 56 5.
I bhfianaise na gcuspóirí agus na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4, agus go háirithe nádúr agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, agus saintréithe oibríochtúla na n-aerárthaí gan foireann lena mbaineann agus saintréithe an limistéir oibríochtúil, d'fhéadfadh sé go n_éileofaí, de bhun na ngníomhartha tarmligthedá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57, dearbhú maidir le dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, á dheimhniú go bhfuiltear i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin.
Airteagal 56 6.
I gcás inar féidir na cuspóirí agus prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 a bhaint amach gan Caibidil IV agus Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfar a fhoráil sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) nach mbeidh feidhm ag na Caibidlí sin maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 55 ná maidir leis na rialacha comhionanna mionsonraithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 58. I gcásanna den sórt sin, is éard a bheidh sna ceanglais fhíor-riachtanacha agus sna rialacha mionsonraithe sin “reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú” de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).
Airteagal 56 7.
I dtaca le faisnéis a bhaineann le clárú aerárthaí gan foireann gona n-oibreoirí, atá faoi réir oibleagáid chlárúcháin i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57 agus pointe 4 d'Iarscríbhinn IX, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar í a stóráil i gcórais náisiúnta chlárúcháin atá digiteach, comhchuibhithe agus idiroibritheach. Beidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis sin a rochtain agus a mhalartú trí bhíthin an stóir lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 74.
Airteagal 56 8.
Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos chun oibríochtaí na n-aerárthaí gan foireann a chur faoi réir coinníollacha áirithe ar chúiseanna nach gcuimsítear le raon feidhme an Rialacháin seo, amhail slándáil phoiblí nó cosaint príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.