+Airteagal 57 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerárthaí gan foireann

Airteagal 57 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerárthaí gan foireann

Airteagal 57

Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerárthaí gan foireann

Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 55 a áirithiú, d'oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is le haerárthaí gan foireann a bhaineann, chomh maith lena bhfoireann eitilte — lena n-áirítear cianphíolótaí — agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na rialacha agus nósanna imeachta d'oibriú aerárthaí gan foireann agus don phearsanra, lena n-áirítear cianphíolótaí agus eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin;

(b) 

na rialacha agus nósanna imeachta chun na deimhnithe d'oibriú aerárthaí gan foireann agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí” agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nó chun dearbhuithe a dhéanamh, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe nó na dearbhuithe sin. Féadfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta faoina n-eiseofar na deimhnithe sin agus faoina ndéanfar na dearbhuithe sin a bheith bunaithe ar na ceanglais mhionsonraithe dá dtagraítear i Roinn I, Roinn II agus Roinn III den Chaibidil seo, nó is féidir gurb iad na ceanglais sin ar fad is inneachar dóibh;

(c) 

na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe agus ag daoine dlítheanacha agus nádúrtha a dhéanann dearbhuithe, agus na freagrachtaí atá orthu;

(d) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le clárú agus marcáil aerárthaí gan foireann agus do chlárú oibreoirí aerárthaí gan foireann, dtagraítear i Roinn 4 d'Iarscríbhinn IX;

(e) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun córais chlárúcháin digiteacha, idiroibritheacha, chomhchuibhithe náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 56(7), a bhunú.

(f) 

na rialacha agus nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta a chomhshó sna deimhnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 56 (1).

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

▼M2

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.