|
+Airteagal 58 1. |
Airteagal 58 1.I dtaca le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is é a bhíonn i gceist aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le:
(a)
na coinníollacha sonracha do dhearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, ar coinníollacha iad a bhfuil gá leo lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 55; féadfar a áireamh sa mhéid sin na coinníollacha faoina gceanglaíodh ar aerárthaí gan foireann a bheith feistithe le sainghnéithe agus sainfheidhmiúlachtaí riachtanacha a bhaineann le, go háirithe: teorainneacha maidir le huasfhad oibríochta agus airde, cumarsáid maidir le suíomh, srianta iontrála maidir le criosanna geografacha, seachaint imbhuailte, cobhsú eitilte, agus tuirlingt uathoibríoch;
(b)
na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le deimhnithe a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, nó a dhéanamh, i gcomhair dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, dá dtagraítear in Airteagal 56 (1) agus (5), agus na cásanna faoina bhfuil na deimhnithe agus dearbhuithe sin riachtanach. I dtaca leis na coinníollacha faoina n-eiseofar na deimhnithe sin agus faoina ndéanfar na dearbhuithe sin, féadfar iad sin a bhunú ar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Roinn I, Roinn II agus Roinn III den Chaibidil seo, nó is féidir gurb iad na ceanglais sin ar fad is inneachar dóibh;
(c)
na coinníollacha faoi nach bhfuil na ceanglais, a bhaineann le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, faoi réir Chaibidil IV agus Chaibidil V den Rialachán seo, chun críche Airteagal 56(6);
(d)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe agus ag daoine dlítheanacha agus nádúrtha a dhéanann dearbhuithe, agus na freagrachtaí atá orthu;
(e)
na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta a chomhshó sna deimhnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 56(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|