+Airteagal 58 Cumhachtaí tarmligthe
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
|
Airteagal 58 Cumhachtaí tarmligthe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
I dtaca le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is é a bhíonn i gceist aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le:
(a)
na coinníollacha sonracha do dhearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, ar coinníollacha iad a bhfuil gá leo lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 55; féadfar a áireamh sa mhéid sin na coinníollacha faoina gceanglaíodh ar aerárthaí gan foireann a bheith feistithe le sainghnéithe agus sainfheidhmiúlachtaí riachtanacha a bhaineann le, go háirithe: teorainneacha maidir le huasfhad oibríochta agus airde, cumarsáid maidir le suíomh, srianta iontrála maidir le criosanna geografacha, seachaint imbhuailte, cobhsú eitilte, agus tuirlingt uathoibríoch;
(b)
na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le deimhnithe a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, nó a dhéanamh, i gcomhair dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, dá dtagraítear in Airteagal 56 (1) agus (5), agus na cásanna faoina bhfuil na deimhnithe agus dearbhuithe sin riachtanach. I dtaca leis na coinníollacha faoina n-eiseofar na deimhnithe sin agus faoina ndéanfar na dearbhuithe sin, féadfar iad sin a bhunú ar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Roinn I, Roinn II agus Roinn III den Chaibidil seo, nó is féidir gurb iad na ceanglais sin ar fad is inneachar dóibh;
(c)
na coinníollacha faoi nach bhfuil na ceanglais, a bhaineann le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, faoi réir Chaibidil IV agus Chaibidil V den Rialachán seo, chun críche Airteagal 56(6);
(d)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe agus ag daoine dlítheanacha agus nádúrtha a dhéanann dearbhuithe, agus na freagrachtaí atá orthu;
(e)
na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta a chomhshó sna deimhnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 56(1).
|
|
Airteagal 58 2.
|
I dtaca le dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is é a bhíonn i gceist aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, Iarscríbhinn IX agus, más infheidhme, Iarscríbhinn III, a leasú, nuair is gá sin ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise ar shábháilteacht a bhaineann le hoibríochtaí aeir, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
|
|
Airteagal 58 3.
|
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|