+Airteagal 63 Díorma de chigirí eitlíochta Eorpacha
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
---+Airteagal 63 5.
---+Airteagal 63 6.

Airteagal 63 Díorma de chigirí eitlíochta Eorpacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, sásra a bhunú chun comhthiomsú agus comhroinnt a dhéanamh go deonach ar chigirí agus saineolaithe eile, a bhfuil saineolas is ábhartha acu do na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta sa Rialachán seo.

Chun na críche sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla naisiúnta, na próifílí cáilíochta agus taithí a éileofar a shainmhíniú do na húdaráis inniúla náisiúnta; is ar a mbonn siúd a dhéanfaidh na húdaráis sin agus an Ghníomhaireacht iarrthóirí a ainmniú, ach iad a bheith ar fáil, chun páirt a ghlacadh sa sásra comhthiomsúcháin agus comhroinnte mar chigirí eitlíochta Eorpacha.

Airteagal 63 2.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht agus gach aon údarás inniúil náisiúnta, agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta agus deimhniúcháin, cúnamh a iarraidh ar an díorma Eorpach de chigirí eitlíochta. Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú ar na freagairtí ar na hiarrataí seo, agus chun na críche sin, déanfaidh sí nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta.
Airteagal 63 3.
Is faoi rialú, faoi threorú, agus faoi fhreagracht an Bhallstáit nó na Gníomhaireachta a iarrfaidh cúnamh a dhéanfaidh na cigirí eitlíochta Eorpacha a gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta agus deimhniúcháin.
Airteagal 63 4.
Na costais maidir leis an gcúnamh a sholáthróidh na cigirí eitlíochta Eorpacha, déanfaidh an t-údarás a d'iarr an cúnamh iad a chumhdach.

Féadfaidh an t-údarás sin cinneadh an cúnamh sin a mhaoiniú le táillí a thoibheofar de bhun sonraisc ar bhonn na rialacha a bhunaítear i gcomhréir le pointe (c) de mhír 6, agus a bhaileofar ón duine dlítheanach nó nádúrtha a bhí faoi réir na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus maoirseachta a rinne na cigirí eitlíochta Eorpacha sin.

Sa chás sin, aistreoidh an t-údarás sin an tsuim a bailíodh chuig an údarás a chuir an cúnamh ar fáil.

Airteagal 63 5.
Aon ráitis, taifid agus tuarascálacha arna dtáirgeadh ag na cigirí eitlíochta Eorpacha agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Airteagal seo, measfar iad a bheith, ar gach slí, ar aon dul leis na cinn a tháirgeoidh na cigirí náisiúnta, agus beidh siad inghlactha mar fhianaise in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.
Airteagal 63 6.

I dtaca leis an sásra comhthiomsúcháin agus comhroinnte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na rialacha agus na nósanna imeachta ar dá réir a dhéanann an Gníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta cúnamh a iarraidh, a fháil nó a chur ar fáil tríd an sásra sin;

(b) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaruithe agus na rialacha mionsonraithe is infheidhme do na cigirí eitlíochta Eorpacha sin agus an cúnamh sin á sholáthar acu.

(c) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le socrú agus bailiú na dtáillí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.