+Airteagal 65 Ath-leithdháileadh freagrachta ar iarraidh ó eagraíochtaí a fheidhmíonn i mBallstát amháin nó níos mó
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
---+Airteagal 65 5.
---+Airteagal 65 6.

Airteagal 65 Ath-leithdháileadh freagrachta ar iarraidh ó eagraíochtaí a fheidhmíonn i mBallstát amháin nó níos mó

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 65 1.
Féadfaidh eagraíocht iarraidh ar an nGníomhaireacht feidhmiú mar an údarás inniúil a bhfuil freagracht air as feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i dtaca leis an eagraíocht sin, de dhiallas ó Airteagal 62(4), i gcás ina bhfuil de chead ag an eagraíocht deimhniú a iarraidh ar an údarás inniúil náisiúnta i mBallstát amháin i gcomhréir le Caibidil III, nó i gcás ina bhfuil an deimhniú ina seilbh, ach go bhfuil cion suntasach áiseanna agus pearsanra aici atá lonnaithe i mBallstát nó i mBallstáit eile atá á gcumhdach leis an deimhniú sin, nó go bhfuil sé de rún aici iad a bheith acu.

Féadfaidh dhá eagraíocht nó níos mó, atá ina gcuid de ghrúpáil aonair ghnó iarraidh mar sin a dhéanamh freisin, ach príomhionad gnó a bheith acu i mBallstát difriúil agus deimhniú ina seilbh acu nó iad a bheith i dteideal a iarrtha i gcomhréir le Caibidil III don chineál céanna gníomhaíochta eitlíochta.

Airteagal 65 2.
Na heagraíochtaí lena mbaineann, seolfaidh siad an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chuig an nGníomhaireacht agus chuig údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina bhfuil a bpríomhionad gnó lonnaithe.

Ar fháil na hiarrata sin, rachaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le chéile gan mhoill, agus lorgóidh siad, más gá, tuairimí breise ó na heagraíochtaí a rinne an iarraidh. Le linn na gcomhairliúchán sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta a marana maidir le leas a bhaint as cigirí agus pearsanra eile a bheidh ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann, i gcás comhaontú ar ath-leithdháileadh.

Más rud é tar éis an chomhairliúcháin sin go measann an Ghníomhaireacht nó an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach ar a gcumas féin cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh go héifeachtúil faoin Rialachán seo agus faoi na ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe, arna nglacadh ar a bhonn, nó go bhfágfar tionchar diúltach ar aon slí eile ar fheidhmiú éifeachtach an údaráis, déanfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás sin, laistigh de thréimhse nach faide ná 180 lá ó dháta faighte na hiarrata, na heagraíochtaí lena mbaineann a chur ar an eolas ina thaobh le húdar cuí agus na cúiseanna a measann sé nó sí go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach. Déanfar an litir faisnéise sin a chur freisin chuig an bpáirtí eile. Sa chás sin, measfar an t-iarratas a bheith dífe.

Airteagal 65 3.
Mura rud é go ndearnadh an t-iarratas a dhíbhe i gcomhréir le mír 2, cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann socruithe mionsonraithe a thabhairt i gcrích maidir le hath-leithdáileadh na freagrachta i ndáil leis na cúraimí atá i gceist. Rachfar i gcomhairle leis na heagraíochtaí a d'iarr go bhfeidhmeodh an Ghníomhaireacht mar a n-údarás inniúil maidir leis na socruithe mionsonraithe sin sula gcuirtear bailchríoch orthu. Sna socruithe mionsonraithe sin, saineofar go soiléir ar a laghad na cúraimí atá le hath-leithdháileadh agus cuimseofar leo na socruithe dlí, praiticiúla agus riaracháin atá riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar feidhmiú na gcúraimí lena mbaineann a aistriú go hordúil agus go leanfar den fheidhmiú sin ar bhonn éifeachtach gan bhriseadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, agus go leanfaidh na daoine dlítheanacha nó nádúrtha lena mbaineann ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí ar bhonn comhleanúnach. Beidh forálacha sna socruithe mionsonraithe freisin maidir le haistriú taifead ábhartha teicniúil agus aistriú doiciméadachta ábhartha teicniúla.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, de réir mar is infheidhme, gur i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe sin a ath-leithdháilfear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin. Agus na socruithe sin á gcur chun feidhme, úsáidfidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is féidir, na cigirí agus pearsanra eile atá ar fáil sna Ballstáit.

Airteagal 65 4.
Ar chríochnú na socruithe mionsonraithe de bhun mhír 3, is í an Ghníomhaireacht is údarás inniúil feasta agus a bheidh freagrach as na cúraimí a chuimsítear san iarraidh, agus bainfear freagracht na gcúraimí sin den Bhallstát nó de na Ballstáit lena mbaineann. I dtaca leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an Ghníomhaireacht an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí ath-leithdháilte sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil IV agus Chaibidil V.
Airteagal 65 5.
I dtaca le haon ath-leithdháileadh freagrachta as na cúraimí sin, a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, is ag Airteagal 64(3), l (6), agus (7) a bheidh feidhm mutatis mutandis.
Airteagal 65 6.
Maidir leis na heagraíochtaí a ghníomhaíonn an Ghníomhaireacht mar údarás inniúil ar a son de bhun an Airteagail seo, féadfaidh siad iarraidh go nglacfaidh na Ballstáit ina bhfuil a bpríomhionaid ghnó lonnaithe freagracht orthu féin as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil leis na heagraíochtaí sin. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagail 64(4) go (7) mutatis mutandis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.