+Airteagal 65 2.
|
Airteagal 65 2.
Na heagraíochtaí lena mbaineann, seolfaidh siad an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chuig an nGníomhaireacht agus chuig údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina bhfuil a bpríomhionad gnó lonnaithe. Ar fháil na hiarrata sin, rachaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le chéile gan mhoill, agus lorgóidh siad, más gá, tuairimí breise ó na heagraíochtaí a rinne an iarraidh. Le linn na gcomhairliúchán sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta a marana maidir le leas a bhaint as cigirí agus pearsanra eile a bheidh ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann, i gcás comhaontú ar ath-leithdháileadh. Más rud é tar éis an chomhairliúcháin sin go measann an Ghníomhaireacht nó an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach ar a gcumas féin cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh go héifeachtúil faoin Rialachán seo agus faoi na ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe, arna nglacadh ar a bhonn, nó go bhfágfar tionchar diúltach ar aon slí eile ar fheidhmiú éifeachtach an údaráis, déanfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás sin, laistigh de thréimhse nach faide ná 180 lá ó dháta faighte na hiarrata, na heagraíochtaí lena mbaineann a chur ar an eolas ina thaobh le húdar cuí agus na cúiseanna a measann sé nó sí go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach. Déanfar an litir faisnéise sin a chur freisin chuig an bpáirtí eile. Sa chás sin, measfar an t-iarratas a bheith dífe.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|