+Airteagal 67 Bailíocht agus aitheantas a thabhairt do theastais agus dearbhuithe
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
---+Airteagal 67 4.

Airteagal 67 Bailíocht agus aitheantas a thabhairt do theastais agus dearbhuithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 67 1.
Deimhnithe arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht nó ag na húdaráis inniúla náisiúnta, agus dearbhuithe arna ndéanamh ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, beidh siad faoi réir na rialacha agus na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, agus faoi réir na gceanglas náisiúnta riaracháin, agus beidh bailíocht agus aitheantas acu i ngach Ballstát, gan ceanglais ná meastóireacht bhreise.
Airteagal 67 2.
Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn á gcomhlíonadh ag duine dlítheanach nó nádúrtha dár eisíodh deimhniú nó a d'eisigh dearbhú é féin, iarrfaidh an Coimisiún, ar mholadh ón nGníomhaireacht, ar an mBallstát atá freagrach as maoirseacht an duine sin gníomh ceartaitheach cuí agus bearta coimirce a ghlacadh, lena n-áirítear an deimhniú a theorannú nó a chur ar fionraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh an cinneadh sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(2) a dhéanfar an cinneadh sin. Ar mhórchúiseanna práinne is sonrach don tsábháilteacht eitlíochta, a bhfuil bonn cirt leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm leo láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(4).

Ón lá a dtabharfar éifeacht don chinneadh cur chun feidhme sin, ní bheidh bailíocht ná aitheantas a thuilleadh ag an deimhniú nó dearbhú sin, de mhaolú ar mhír 1, in aon Bhallstát.

Airteagal 67 3.
Nuair a mheasfaidh an Coimisiún go bhfuil an Ballstát dá dtagraítear i mír 2 tar éis gníomh ceartaitheach cuí agus bearta coimirce a ghlacadh, cinnfidh sé, ar mholadh ón nGníomhaireacht, go mbeidh bailíocht agus aitheantas arís ag an deimhniú nó dearbhú sna Ballstáit ar fad, i gcomhréir le mír 1.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh an cinneadh sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(2) a dhéanfar an cinneadh sin. Ar mhórchúiseanna práinne is sonrach don tsábháilteacht eitlíochta, a bhfuil bonn cirt leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm leo láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(4).

Airteagal 67 4.
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.