+Airteagal 68 Glacadh le deimhniúchán tríú tír
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
|
Airteagal 68 Glacadh le deimhniúchán tríú tír
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht nó na húdaráis inniúla náisiúnta na deimhnithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn a eisiúint ar bhonn na ndeimhnithe sin a eisíodh i gcomhréir le dlíthe tríú tíortha, nó féadfaidh siad glacadh le deimhnithe agus doiciméid ábhartha eile lena bhfianaítear comhlíonadh rialacha na heitlíochta sibhialta arna n-eisiúint i gcomhréir le dlíthe tríú tíortha, i gcás ina ndéantar foráil iontu ina leith seo a leanas:
(a)
comhaontuithe idirnáisiúnta i dtaca le haithint na ndeimhnithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tír;
(b)
na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3; nó
(c)
in éagmais comhaontú idirnáisiúnta agus gníomh ábhartha tarmligthe, dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den mhír seo faoi seach, agus gan dochar d'Airteagal 140(6) den Rialacháin seo, i gcomhaontú a bhaineann le haithint na ndeimhnithe a tugadh i gcrích idir Ballstát agus tríú tír roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 arna chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 nó pointe (a) d'Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
|
|
Airteagal 68 2.
|
D'fhonn muinín as córais rialála tríú tíortha a ghnóthú agus a chaomhnú, údarófar an Ghníomhaireacht chun na measúnuithe agus na meastóireachtaí teicniúla riachtanacha a dhéanamh ar dhlíthe tríú tíortha agus údaráis eitlíochta eachtracha. Ar mhaithe leis na measúnuithe agus na meastóireachtaí sin a dhéanamh, féadfaidh an Ghníomhaireacht socruithe oibre a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 90(2).
|
|
Airteagal 68 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le glacadh le deimhnithe agus doiciméadacht eile lena léirítear go gcomhlíontar rialacha don eitlíocht shibhialta arna n-eisiúint i gcomhréir le dlíthe tríú tír, agus lena n-áirithítear a chomhionann de leibhéal sábháilteachta lena bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena ndéanfar an mhuinín is beite a bheith as córais rialála tríú tíortha a ghnóthú agus a chaomhnú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|