+Airteagal 73 Cosaint na foinse faisnéise
---+Airteagal 73 1.
---+Airteagal 73 2.
---+Airteagal 73 3.
---+Airteagal 73 4.
---+Airteagal 73 5.
---+Airteagal 73 6.

Airteagal 73 Cosaint na foinse faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 73 1.
Nuair a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 72(1) agus (2) ar fáil d'údarás inniúil náisiúnta, cosnófar foinse na faisnéise i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme i dtaca le cosaint fhoinse na faisnéise a bhaineann leis an tsábháilteacht eitlíochta sibhialta. I gcás inar duine nádúrtha a thugann an fhaisnéis sin don Choimisiún nó don Ghníomhaireacht, ní nochtfar foinse na faisnéise sin ná ní dhéanfar sonraí pearsanta na foinse a thaifead san áit chéanna leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil.
Airteagal 73 2.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme, staonfaidh na Ballstáit ó imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sáruithe gan réamhbheartú nó sáruithe atá neamhaireach ar an dlí, ar sáruithe iad nach dtagann ar a n-aire ach ar an gcúis gur tugadh dóibh faisnéis ina dtaobh de bhun an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar an bhfreagracht ghairmiúil an cúram sin a theastaíonn sna cúinsí sin a ghlacadh, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó ar cuireadh sábháilteacht na heitlíochta sibhialta i mbaol go mór.

Airteagal 73 3.
Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na bhfoinsí faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a neartú.
Airteagal 73 4.
Fostaithe agus pearsanra ar conradh a thabharfaidh faisnéis, agus an Rialachán seo gona ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn á gcur i bhfeidhm, ní bheidh siad, ar bhonn na faisnéise a chuir siad ar fáil, faoi réir aon dochair óna bhfostóir ná ón eagraíocht dá soláthraíonn siad seirbhísí.

Ní bheidh feidhm ag forálacha an gcéad fhomhír i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar an bhfreagracht ghairmiúil an cúram sin a theastaíonn sna cúinsí sin a ghlacadh, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó ar cuireadh sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

Airteagal 73 5.
Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil in Airteagal seo cosc ar an gCoimisiún, ar an nGníomhaireacht ná ar na Ballstáit gníomhú, más gá, chun sábháilteacht na heitlíochta a choinneáil ar bun nó a fheabhsú.
Airteagal 73 6.
Ní dhéanfaidh an Airteagal seo dochar do na rialacha i dtaca le cosaint na foinse faisnéise a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ná i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.