+Airteagal 84 Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha
---+Airteagal 84 1.
---+Airteagal 84 2.
---+Airteagal 84 3.
---+Airteagal 84 4.
---+Airteagal 84 5.
---+Airteagal 84 6.

Airteagal 84 Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 84 1.

Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, aon cheann amháin nó an dá cheann den mhéid seo a leanas a fhorchur ar dhuine dlítheanach nó nádúrtha a bhfuil deimhniú eisithe ag an nGníomhaireacht dó, nó a bhfuil dearbhú déanta aige di, i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a) 

fíneáil, i gcás inar sháraigh an duine sin, d'aon ghnó nó le faillí, aon cheann d'fhorálacha an Rialacháin seo nó de na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;

(b) 

íocaíocht phionósach thréimhsiúil i gcás ina leanann an duine sin d'aon cheann de na forálacha sin a shárú, chun iallach a chur ar an duine sin na forálacha sin a chomhlíonadh.

Airteagal 84 2.
Na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha dá dtagraítear i mír 1, beidh siad éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Leagfar síos iad agus aird ar leith á tabhairt ar thromchúis an cháis, go háirithe i dtaca lena mhéid a cuireadh sábháilteacht nó caomhnú an chomhshaoil i mbaol, i dtaca leis an ngníomhaíocht lena mbaineann an sárú, agus i dtaca le hinniúlacht eacnamaíoch an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha lena mbaineann.

Ní rachaidh méid na bhfíneálacha thar 4 % d'ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an duine dhlítheanaigh nó an duine nádúrtha lena mbaineann. Ní rachaidh méid an phionóis thréimhsiúil thar 2.5 % de mheánioncam ná de mheánláimhdeachas laethúil an duine dhlítheanaigh nó an duine nádúrtha lena mbaineann.

Airteagal 84 3.
Is de bhun mhír 1 amháin a dhéanfaidh an Coimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur nuair nach leor bearta eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, nó nuair nach bhfuil siad comhréireach, chun díriú ar sháruithe den sórt sin.
Airteagal 84 4.

I dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 128, lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a) 

critéir mhionsonraithe agus modheolaíocht mhionsonraithe chun méideanna na bhfíneálacha nó na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a shuíomh;

(b) 

rialacha mionsonraithe maidir le fiosrúcháin, bearta gaolmhara agus tuairisciú, chomh maith le cinnteoireacht, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha sealadacha; agus

(c) 

nósanna imeachta le haghaidh bhailiú na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

Airteagal 84 5.
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun mhír 1. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 84 6.
Na cinntí ón gCoimisiúin a ghlacfar de bhun mhír 1, ní cinntí de chineál an dlí choiriúla a bheidh iontu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.