+Airteagal 86 Taighde agus nuálaíocht
---+Airteagal 86 1.
---+Airteagal 86 2.
---+Airteagal 86 3.
---+Airteagal 86 4.
---+Airteagal 86 5.

Airteagal 86 Taighde agus nuálaíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 86 1.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le téamaí ríthábhachtacha taighde a shainaithint i réimse na heitlíochta sibhialta, téamaí a chuideoidh comhsheasmhacht agus comhordú a áirithiú idir taighde agus forbairt agus beartais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 86 2.
Tacóidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún maidir le sainiú agus cur i gcrích chreatchláir ábhartha an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus na gclár oibre bliantúla agus ilbhliantúla, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na nósanna imeachta measúnaithe, i dtaca le hathbhreithniú na dtionscadal maoinithe, agus i dtaca le húsáid na dtorthaí a bhaineann leis.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta a chur chun feidhme más rud é go ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici.

Airteagal 86 3.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht taighde a fhorbairt agus a mhaoiniú a mhéid a bhainfidh sé go docht le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ina réimse inniúlachta. Cuirfear riachtanais agus gníomhaíochtaí taighde na Gníomhaireachta san áireamh ina clár oibre bliantúil.
Airteagal 86 4.
Foilseofar torthaí taighde a fuair maoiniú ón nGníomhaireacht, murab é go gcuirtear cosc ar an bhfoilsiú sin leis na rialacha is infheidhme maidir le dlí na maoine intleachtúla nó le rialacha slándála na Gníomhaireachta faoi Airteagal 123.
Airteagal 86 5.
Le cois na gcúraimí a leagtar síos i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 75, féadfaidh an Ghníomhaireacht tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde ad hoc ar choinníoll go mbeidh na gníomhaíochtaí sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta agus le cuspóirí an Rialacháin seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.