Oibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus na Ballstáit, laistigh dá réimse inniúlachta, i gcomhar le chéile i dtaca le cúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear iad siúd a chuimsítear i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun a áirithiú go gcuirfear an t-idirspleáchas idir cúrsaí aeráide agus caomhnú an chomhshaoil, sláinte daoine agus réimsí, teicniúla, eile de chuid na heitlíochta sibhialta san áireamh, agus aird chuí á tabhairt ar
►C2
chaighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta
◄ , buntáistí comhshaoil, infhéidearthacht theicneolaíoch, agus tionchar comhshaoil.