+Airteagal 87 Cosaint an Chomhshaoil
---+Airteagal 87 1.
---+Airteagal 87 2.
---+Airteagal 87 3.
---+Airteagal 87 4.

Airteagal 87 Cosaint an Chomhshaoil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 87 1.
Is é an cuspóir a bheidh le bearta na Gníomhaireachta i dtaca le hastaíochtaí agus torann, chun críocha deimhniúchán a dhéanamh ar dhearadh táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11, cosc a chur ar éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an aeráid, ar an gcomhshaol, nó ar shláinte daoine a eascraíonn as tairgí lena mbaineann de chuid na heitlíochta sibhialta, agus aird chuí a thabhairt ar ►C2  chaighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ , buntáistí comhshaoil, infhéidearthacht theicneolaíoch, agus tionchar comhshaoil.
Airteagal 87 2.
Oibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus na Ballstáit, laistigh dá réimse inniúlachta, i gcomhar le chéile i dtaca le cúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear iad siúd a chuimsítear i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun a áirithiú go gcuirfear an t-idirspleáchas idir cúrsaí aeráide agus caomhnú an chomhshaoil, sláinte daoine agus réimsí, teicniúla, eile de chuid na heitlíochta sibhialta san áireamh, agus aird chuí á tabhairt ar ►C2  chaighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ , buntáistí comhshaoil, infhéidearthacht theicneolaíoch, agus tionchar comhshaoil.
Airteagal 87 3.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás ina bhfuil an saineolas ábhartha aici, cúnamh don Choimisiún i sainiú agus comhordú beartas agus gníomhaíochtaí maidir le caomhnú an chomhshaoil san eitlíocht shibhialta, go háirithe trí staidéir agus ionsamhlúcháin a dhéanamh, agus trí chomhairle theicniúil a thabhairt agus aird á tabhairt, ag an am céanna, ar an idirspleáchas idir cúrsaí aeráide agus cosaint an chomhshaoil, sláinte an duine agus réimsí, teicniúla, eile de chuid na heitlíochta sibhialta.
Airteagal 87 4.
Chun páirtithe leasmhara agus an pobal a choinneáil ar an eolas, foilseoidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an gcomhshaol gach 3 bliana ar a laghad, athbhreithniú ina dtabharfar cuntas oibiachtúil i dtaca le stádas chaomhnú an chomhshaoil agus an bhaint atá aige le heitlíocht shibhialta san Aontas.

Agus an t-athbhreithniú sin á ullmhú, braithfidh an Ghníomhaireacht go príomha ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí.

Cinnteoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh baint ag na Ballstáit le forbairt an athbhreithnithe sin agus rachaidh sí i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le heagraíochtaí ábhartha ina leith.

Ina theannta sin, déanfar moltaí san athbhreithniú sin darb aidhm leibhéal na cosanta comhshaoil a fheabhsú i réimse na heitlíochta sibhialta san Aontas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.