|
+Airteagal 87 4. |
Airteagal 87 4.Chun páirtithe leasmhara agus an pobal a choinneáil ar an eolas, foilseoidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an gcomhshaol gach 3 bliana ar a laghad, athbhreithniú ina dtabharfar cuntas oibiachtúil i dtaca le stádas chaomhnú an chomhshaoil agus an bhaint atá aige le heitlíocht shibhialta san Aontas. Agus an t-athbhreithniú sin á ullmhú, braithfidh an Ghníomhaireacht go príomha ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. Cinnteoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh baint ag na Ballstáit le forbairt an athbhreithnithe sin agus rachaidh sí i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le heagraíochtaí ábhartha ina leith. Ina theannta sin, déanfar moltaí san athbhreithniú sin darb aidhm leibhéal na cosanta comhshaoil a fheabhsú i réimse na heitlíochta sibhialta san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|