+Airteagal 88 Idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta
---+Airteagal 88 1.
---+Airteagal 88 2.
---+Airteagal 88 3.

Airteagal 88 Idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 88 1.
Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit maidir le hábhair slándála a bhainfidh le heitlíocht shibhialta, lena n-áirítear cibearshlándáil, i gcásanna ina bhfuil idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta.
Airteagal 88 2.
I gcásanna ina bhfuil idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta, cuirfidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil ar fáil, arna iarraidh sin, don Choimisiún, i gcásanna ina bhfuil an saineolas ábhartha ag an nGníomhaireacht, i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus forálacha ábhartha eile de chuid reachtaíocht an Aontais.
Airteagal 88 3.

Chun cabhrú chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar chur isteach neamhdhleathach, sa chás ina bhfuil Idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta ann, gníomhóidh an Ghníomhaireacht, nuair is gá, gníomhú gan ró-mhoill i gcás ina mbeidh fadhb phráinneach sábháilteachta ann ar ábhar imní choitinn í do na Ballstáit agus i gcás ina bhfuil idirspleáchas ann idir sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus an tslándáil agus a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

bearta a ghlacadh faoi phointe (h) d'Airteagal 77(1) chun aghaidh a thabhairt ar laigí i ndearadh aerárthaí;

(b) 

bearta ceartaitheacha a mholadh lena nglacadh ag na húdaráis inniúla náisiúnta nó ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo, agus/nó faisnéis ábhartha a scaipeadh ar na húdaráis nó ar na daoine sin, nuair is le hoibríochtaí aerárthaí a bhaineann an fhadhb, lena n-áirítear rioscaí don eitlíocht shibhialta a eascraíonn as limistéir ina mbíonn coinbhleacht.

Sula ndéanfaidh sí na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, gheobhaidh an Ghníomhaireacht comhaontú ón gCoimisiún agus rachaidh sí i gcomhairle leis na Ballstáit ina leith. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta sin a bhunú, nuair is féidir, ar mheasúnaithe comhchoiteanna riosca an Aontais agus cuirfidh sí san áireamh an gá le mearfhreagairt i gcásanna éigeandála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.