+Airteagal 99 Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
---+Airteagal 99 1.
---+Airteagal 99 2.
---+Airteagal 99 3.
---+Airteagal 99 4.
---+Airteagal 99 5.

Airteagal 99 Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 99 1.
Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, agus cearta vótála acu go léir. Ceapfaidh gach Ballstát comhalta amháin den Bhord Bainistíochta chomh maith le beirt mhalartach. Déanfaidh ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh an comhalta sin as láthair agus sa chás sin amháin. Ceapfaidh an Coimisiún beirt ionadaithe agus a gcuid comhaltaí malartacha freisin. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus a gcuid comhaltaí malartacha. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin.
Airteagal 99 2.
Roghnófar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcuid comhaltaí malartacha mar gheall ar an saineolas agus a dtaithí agus a dtiomantais aitheanta i réimse na heitlíochta sibhialta, agus cuirfear a gcumas ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséid san áireamh, cumas a úsáidfear chun cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun cinn. Is ar na comhaltaí a bheidh freagracht iomlán, ar a laghad, as beartas sábháilteachta na heitlíochta sibhialta ina mBallstát féin faoi seach.
Airteagal 99 3.
Ba cheart do na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht a dhéanamh ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Féachfaidh na páirtithe uile le hionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.
Airteagal 99 4.
I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha Eorpacha ar an mBord Bainistíochta, ionadaithe a mbeidh stádas breathnóra acu, agus coinníollacha an rannpháirteachais sin a bhunú sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 129.
Airteagal 99 5.
Ceapfaidh an comhlacht comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 98(4) ceathrar dá chuid comhaltaí a bheidh rannpháirteach ar an mBord Bainistíochta agus is stádas breathnóra a bheidh acu. Seasfaidh siad, ar an mbealach is fairsinge is féidir, do na dearcthaí éagsúla atá ann sa chomhlacht comhairleach. Is é 48 mí a bheidh sa téarma oifige ar dtús agus is féidir síneadh breise a chur leis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.