+Airteagal 104 Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
---+Airteagal 104 1.
---+Airteagal 104 2.
---+Airteagal 104 3.
---+Airteagal 104 4.

Airteagal 104 Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 104 1.
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach don Bhord Bainistíochta. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.
Airteagal 104 2.
Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm dualgas an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nuair a iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm na dualgais sin.
Airteagal 104 3.

Is ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh cúram cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha eile an Aontais. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe as:

(a) 

formheas a thabhairt do bhearta na Gníomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 76 laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;

(b) 

cinneadh a dhéanamh faoi imscrúduithe, faoi chigireacht agus faoi ghníomhaíochtaí faireacháin eile mar a fhoráiltear in Airteagal 83 agus in Airteagal 85;

(c) 

cinneadh a dhéanamh faoi shannadh na gcúraimí d'eintitis cháilithe i gcomhréir le hAirteagail 69(1) agus faoin dóigh a gcuireann údaráis inniúla náisiúnta nó eintitis cháilithe na himscrúduithe i gcrích thar ceann na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 83(1);

(d) 

gach beart is gá a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bhainfidh le comhar idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90;

(e) 

gach céim is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar is ceart i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f) 

cinntí cur chun feidhme arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta;

(g) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena glacadh;

(h) 

dréachtráiteas na Gníomhaireachta faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú de bhun Airteagal 120, agus a buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 121;

(i) 

tarmligean cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chuig comhaltaí eile d'fhoireann na Gníomhaireachta. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an tarmligean. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 127(2);

(j) 

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 117(1), agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, tar éis tuairim a fháil ina leith ón gCoimisiún;

(k) 

an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 117(1) a chur chun feidhme, agus tuarascáil a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(l) 

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;

(m) 

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(n) 

straitéis frith-chalaoise a ullmhú don Ghníomhaireacht agus an straitéis sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;

(o) 

dréachtrialacha airgeadais a ullmhú a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht;

(p) 

an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta maille le gach nuashonrú dá ndéanfar air a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(q) 

tuarascáil a thabhairt don Bhord bainistíochta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta;

(r) 

freagra a thabhairt ar iarrataí ar chúnamh ón gCoimisiún arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(s) 

glacadh le hathlonnú na bhfreagrachtaí chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 64 agus le hAirteagal 65;

(t) 

riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(u) 

gach cinneadh a ghlacadh maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhunú agus, más gá, maidir le haon athruithe a dhéanfar orthu, ach amháin ina gcás sin a dhéanfar ar leibhéal na stiúrthóirí, arna bhformheas ag an mBord Bainistíochta;

(v) 

rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil le rannpháirtithe i meithleacha agus i ngrúpaí saineolaithe, agus baill foirne eile nach gcuimsítear sna Rialacháin Foirne, lena n-áireofar forálacha maidir le dearbhuithe leasa agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ceirde iarfhostaíochta;

Airteagal 104 4.
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach, oifig amháin nó dhá oifig áitiúla a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó ná sin nó baill foirne a chomhshuíomh i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha faoi réir comhaontuithe iomchuí leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Chun an cinneadh sin a dhéanamh ní mór réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ón mBallstát ina bhfuil an oifig le bunú. Sonrófar sa chinneadh sin raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil nó a dheanfaidh baill foirne arna gcomhshuíomh ar dhóigh a seachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a dhéanamh faoi dhó.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.